https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/10/floating_image_02.png
https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/12/floating_image_03.png
https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/12/floating_image_03.png
https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/11/small_leaf_01.png
https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/11/small_leaf_02.png
https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/11/small_leaf_03.png
https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/11/small_leaf_04.png

FÁILTE AMICI!

Elisa

https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/12/separate_leaf.png

Tomaí

DF32025

AN ÁIT + AN UAIRBígí linn san Iodáil!

Chuirfeadh sé gliondar croí orainn sibh a bheith linn lá ár bpósta i mí Dheireadh Fómhair taobh amuigh den Róimh. Is i mbaile darb ainm Albano Laziale a bheidh an searmanas agus ansin déanfaidh muid an gabhar a róstadh ag Casale Campovecchio, fíonghort féastach nach bhfuil i bhfad ar shiúl.

PÓSADH

15:30

Dé hAoine 3 Deireadh Fómhair 2025
Santuario di Santa Maria della Rotonda
Albano Laziale

https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2025/03/ciorcal.jpg

BAINIS

17:30

Dé hAoine 3 Deireadh Fómhair 2025
Casale Campovecchio
Grottaferrata

https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/10/floating_image_06.png

Eolas Úsáideach

LÓISTÍN

Tá muid ag moladh do dhaoine fanacht i lár Castel Gandolfo, baile gleoite cois locha atá suite idir an eaglais agus láthair na bainise. Tá go leor áiteanna le stopadh in Castel Gandolfo agus is féidir teacht orthu ar Airbnb, Booking.com etc.

IOMPAR

Is iad Roma Fumicino (40 bomaite sa charr) agus Roma Ciampino (15 bhomaite sa charr) na haerfoirt is cóngaraí do Castel Gandolfo. Chomh maith leis sin, tá traein dhíreach ann a théann idir an baile agus lár na Róimhe gach uair an chloig – ní thógann sé ach 45 bhomaite.

Ar lá na bainise eagróidh muid bus leis na haíonna a thógáil ó Castel Gandolfo go dtí an eaglais in Albano Laziale, ón eaglais go dtí an spraoi ag Casale Campovecchio agus ansin ar ais chuig Castel Gandolfo ag deireadh na hoíche.

COISBHEART

Is fiú a chur in iúl daoibh gur i gceantar cnocach darb ainm Castelli Romani atá Castel Gandolfo, Albano Laziale agus Casale Campovecchio suite, agus níl an talamh ná na cosáin iontach cothrom dá bharr. Ba chóir go mbeadh sála arda téagartha i gceart ach b’fhearr i bhfad na stilettos a sheachaint!

469-1
IMG_2931
IMG_1841
castel gandolfo
https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/12/small_leaf_05.png

RSVP

Bheadh sé iontach dá dtiocfadh libh a rá linn
faoin 1 Meitheamh 2025
cé acu a bheidh nó nach mbeidh sibh in ann teacht

    An mbeidh tú ag teacht?

    BeidhNí bheidh

    Ar an iomlán, cá mhéad duine a bheidh i do ghrúpa?

    BRONNTANAIS

    Is é an bronntanas is fearr a thiocfadh libh a thabhairt ná a bheith linn lá na bainise. Dá mba mhian libh féirín breise a bhronnadh orainn áfach, chuirfeadh muid fáilte roimhe i bhfoirm nótaí bréige, Bitcoin, nó fríd na sonraí seo a leanas:

    Cuntas Sterling £

    Ainm cuntais: TOMAI O CONGHAILE
    Uimhir chuntais: 83295967
    Cód sórtála: 608371

    Cuntas Euro €

    Ainm cuntais: TOMAI O CONGHAILE
    IBAN: GB95 REVO 0099 7072 1818 86

    https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/10/floating_image_02.png
    https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/11/small_leaf_01.png
    https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/11/small_leaf_02.png
    https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/11/small_leaf_03.png
    https://www.failteamici.info/wp-content/uploads/2020/11/small_leaf_04.png

    Cúpla grianghraf...

    Tá muid ag súil go mór le roinnt pictiúirí eile a thógáil in éineacht libh ar fad go luath!

    IMG_0083
    IMG_3464
    IMG_4058
    cadaques